Tá an Gheabhróg Artach (Sterna paradisea) ar cheann de na speicis sa liosta Ómrach i bPoblacht na hÉireann agus sa Ríocht Aontaithe. Is iad na príomhbhagairtí don éanlaith mhara seo ná an easpa gnáthóg oiriúnach pórúcháin, creachóireacht ó mhamaigh agus athruithe san fháil ar a rogha creach (corra gainimh, scadáin agus saláin), go háirithe sa Mhuir Thuaidh.
Is iad na taistealaithe is faide taisteal ar domhan – déanann siad imirce níos faide ná aon ainmhí eile. Déanann na héanlatha mara beaga seo pórúchán sa leathsféar thuaidh chomh fada leis an gCiorcal Artach, agus ansin eitlíonn siad feadh chósta na hAfraice chuig cladaigh Antartaice, áit a bhfanann siad tríd an ngeimhreadh thuaidh. Ba í an Gheabhróg Artach ab fhaide saol a taifeadadh go dtí seo ná geabhróg 30 bliain d’aois. Thar thréimhse a saoil, féadann na Geabhróga Artacha ionann is achar 3 go 4 thuras fillte chun na gealaí a dhéanamh agus iad ag déanamh imirce.
Photo credit: Brian Burke
Déanann trí speiceas faoileán mór neadacha ar oileáin Dheilginse. Tá ról fíorthábhachtach ag na héin seo in éiceachóras nádúrtha.
Photo credit: Billy Clarke (Great Black-backed Gull)
Photo credit: Paul Troake (Lesser Black-backed Gull)
Is é an Droimneach Mór an faoileán is mó ar domhan agus tá réise sciathán 1.5–1.7 méadar aige. Is speicis iad an Droimneach Mór agus an Droimneach Beag atá ar liosta ómra na speiceas is cúram do chaomhantas ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire.
Photo credit: Michael Finn (Herring Gull)
Is é an Faoileán Scadán an t-aon fhaoileán mór in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag a dhéanann ‘damhsa le haghaidh bia’. Cuireann sé báisteach i gcéill trína chosa a ghreadadh go mear, rud a spreagann na péisteanna talún teacht chun an dromchla. Alpann sé siar ansin iad.
Seans gurb é an Faoileán Scadán an speiceas faoileán is fearr aithne in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe mar gheall go bhfuil sé tar éis teacht chun cónaí le déanaí i gceantair uirbeacha le linn an tséasúir pórúcháin. Tá an speiceas seo ar liosta dearg na speiceas is cúram do chaomhantas ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire mar gheall ar thitim ghéar sa daonra, is é sin gur cailleadh 90% de na Faoileáin Scadán in Éirinn idir 1968 agus 2002. Mar sin tá sé tábhachtach, na coilíneachtaí atá ann a chosiant ar tearmann dúlra cosúil le Dalkey Island. I measc na gcúinsí ba chúis lena gcoilíneacht ar cheantair uirbeacha le linn an tséasúir pórúcháin ná an ró-iascaireacht agus caillteanas gnáthóige.
Ní hamháin go bhféadtar teacht ar na Geabhróga Coiteanna (Sterna hirundo) ag déanamh neadacha ar oileáin chósta, ach ar locha cladaigh agus ar struchtúir shaorga amhail pontúin, céanna agus fiú ar bháid chomh maith. Tugtar an t-ainm ceana ‘Fáinleoga Mara’ ar na Geabhróga Coiteanna, Artacha agus Rósacha, ach tá an t-ainm seo mar chuid d’ainm Laidine na nGeabhróg Coiteann, ós rud é gurb é hirundo an téarma Laidine le haghaidh fáinleog agus gabhlán. Ní hamháin gur radharc álainn í an eitilt shnámhach seo, ach tá sí riachtanach do chumas na n-éan seo chun imirce a dhéanamh ó chósta thiar na hAfraice agus ar ais arís, áit a gcaitheann siad an geimhreadh.
Photo credit: John Fox
Tá Túr Martello ina sheasamh ar Oileán Dheilginse. Is ó aimsir Chogaí Napoléon atá an túr cosanta seo, a tógadh idir 1804 agus 1805 agus tá sé mar chuid de shraith 50 túr suite feadh sciar de chósta thoir na hÉireann. Cuireadh dhá ghunna mhóra 24 punt ar dhíon an túir, agus bhí an dá cheann díobh in ann scaoileadh suas le 1.5 ciliméadar amach chun farraige.
Túr Martello neamhghnách is ea Túr Martello Oileán Dheilginse mar gheall gurb é an t-aon cheann a tógadh gan doras. Ina áit sin, dhreapadh saighdiúirí suas taobh an túir agus théidís isteach ann trí haiste ar an díon. An chúis leis seo ná go raibh an Túr Martello nochta ar gach taobh, agus bheadh doras an-leochaileach faoi lámhach trom na ngunnaí móra. Ní dhearna Napoléon riamh ionradh ar Éirinn ná ar an mBreatain Mhór agus creidtear gurb iad na Túir Martello a bhain an stad as.
Photo credit: Tara Adcock
Tógadh struchtúr tánaisteach cosanta, Dún Bataire, ar Oileán Dheilginse idir 1804 agus 1805. Bhí aghaidh na ngunnaí móra 24 punt seo amach ó dheas chun farraige. Mar gheall ar an Dún Bataire agus an Túr Martello a bheith ann in éineacht, chiallaigh sé seo gurb é seo an seasamh ba mhó daingnithe i slabhra cosanta thoir na hÉireann. Sa lá atá inniu ann, tá áititheoirí níos síochánta sa Dún Bataire, is iad sin na gabhair, agus is i seanbheairic na saighdiúirí a chuireann siad fúthu anois.
Photo credit: Tara Adcock
Tá tréad beag fiaghabhar ina chónaí ar Oileán Dheilginse ar feadh na bliana. Tá fiúntas sóisialta ag baint le gabhair mar gheall ar an traidisiún le déanaí go gcoinnítear gabhair ar an oileán, agus cuireann siad le carachtar fiáin an oileáin.
Tá roinnt gnáthóga suimiúla ar oileáin Dheilginse, lena n-áirítear talamh féaraigh tirim leathnádúrtha, talamh féaraigh fliuch, lomáin chreagacha, dlúthraithneach, aillte cósta agus cladaigh chreagacha, chomh maith le gnáthóga sceireacha nochta a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo. Tá an-chuid speicis éagsúla i sé phríomhghnáthóg ar Oileán Dheilginse, agus i measc na speiceas neamhchoitianta a bhfuil taifead déanta orthu, tá Trifolium ornithopodioides (seamair éin), T. scabrum (seamair gharbh), T. occidentale (seamair mhara), hibrideach neamhchoitianta de Spurgularia rupicola (cabróis na gcloch) agus Spurgularia marina (cabróis mara beag), Vicia lathyroides (peasair earraigh) agus Juncus ranarius (luachair froig).
Bird’s-foot Clover (Trifolium ornithopodiodes). Jenny Seawright.
Ní hamháin go bhfuil oileáin Dheilginse tábhachtach d’éin mhara phórúcháin, ach tá an-stair ag baint leo. Sa 10ú haois, tógadh séipéal ar Oileán Dheilginse, in ainm Naomh Beagnait. Is do Naomh Beagnait a tiomnaíodh an chill, amhail an ceann i mbaile Dheilginse, agus tá baint aige le Ceann San Bea in Cumberland agus le Killibeaes in Albain. Ba bhanphrionsa í Naomh Beagnait sa 7ú haois a raibh Cúige Laighean á rialú ag a muintir. Baineadh athúsáid as an séipéal arís chun cóiríocht a chur ar fáil do shaighdiúirí le linn Chogaí Napoléon.
Photo credit: Tara Adcock
Ó na focail ‘dealg’ agus ‘inis’ a thagann an t-ainm Oileán Dheilginse, agus is ann a raibh cónaí ar na chéad lonnaitheoirí Clochaoise ar chósta thoir na hÉireann. Tá fianaise ann ón tréimhse Neoiliteach agus ón tréimhse Chré-Umha freisin. Thángthas ar chinn saighde, tuanna agus earraí potaireachta ó na tréimhsí seo le linn na tochailte seandálaíochta ar an oileán. I measc na fianaise a fuarthas ó thréimhsí ina dhiaidh sin tá gloine de chuid an 5ú agus an 6ú haois ón mBeilg agus ón bhFrainc, earraí potaireachta ó Shasana, agus bonn airgid de chuid an 11ú haois ón Normainn. Tá comharthaí ann gur úsáideadh an t-oileán tráth le haghaidh feirmeoireachta.
Is cuid shainiúil de stair na n-oileán iad na Lochlannaigh chomh maith. Le linn an 8ú/9ú haois, bhí sé de theist orthu go mbaineadh siad úsáid as Oileán Dheilginse chun sclábhaithe a choinneáil go dtí go n-íocfaí an t-airgead fuascailte, é sin nó d’fhéadfaí iad a dhíol leis na margaí sclábhaithe. Cé nach bhfuil Oileán Dheilginse suite ach tuairim is 400m ón mórthír, ba chontúirteach go mór éalú mar gheall ar an sruth láidir, rud ba chúis le bás ab mí-ámharach amháin.
Photo credit: Tara Adcock
Déanann Cairde Éanlaith Éireann agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire–Ráth an Dúin, le tacaíocht ón Tionscadal Téarnamh Geabhróg Rósach LIFE, bainistiú ar na hoileáin seo chun tearmann a chur ar fáil do gheabhróga pórúcháin.
Roimh theacht na ngeabhróg, ullmhaíonn an maor agus oibrithe deonacha na hoileáin trí fhoshraith neide (gairbhéal, mar shampla) a chur síos d’fhonn stop a chur leis na huibheacha geabhróg titim le fána síos an charraig lom. Baintear úsáid as boscaí neide chomh maith chun scoilteanna, mar dhea, a chur ar fáil do gheabhróga rósacha agus chun sicíní geabhróige a chosaint ón aimsir. Cuirtear slata in airde i mórán cearn den choilíneacht geabhróg chun cosc a chur ar chreachadóirí éin sicíní a thógáil. Ar feadh an gheimhridh, baineann Cairde Éanlaith Éireann na Francaigh Dhonna, ar creachadóirí ionracha iad.
Photo credit: Tara Adcock
Le linn an tséasúir pórúcháin, bíonn an fhoireann gnóthach agus iad i mbun monatóireachta ar na geabhróga. Is éard atá i gceist leis seo ná comhaireamh a dhéanamh ar líon na neadacha, na n-uibheacha, na sicíní agus na hóga a tugadh chun aibíochta, rud a chuireann ar ár gcumas faisnéis a fháil maidir le cé acu an bhfuil ag éirí go maith leis an gcoilíneacht ar na hoileáin. Baintear úsáid as ceamaraí conaire chun monatóireacht a dhéanamh ar an gcoilíneacht nuair nach mbíonn maor ar an láthair. Trí fháinne a chur ar na sicíní, cuirtear ar chumas an mhaoir cuntas a choinneáil orthu agus tomhais a dhéanamh ar rátaí marthanais agus fáis. Nuair a fheictear in athuair na fáinní ar shicíní a tugadh chun aibíochta, cuirtear ar ár gcumas tomhas a dhéanamh ar chúrsaí marthanais, fad saoil, imirce agus inghafacht éan chun láithreacha pórúcháin.
Tá na Geabhróga Rósacha (Sterna dougallii) ar cheann de na héin mhara is mó atá i mbaol san Eoraip. Le linn an 19ú haois, rinneadh fiach ar na héin seo sa Bhreatain le haghaidh na trádála haitéireachta, go dtí go raibh na héin beagnach díothaithe. Mar gheall ar bhainistiú gnáthóg, tá trí choilíneacht ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire a chothaíonn sciar suntasach de dhaonra pórúcháin Geabhróg Rósach na hEorpa (1,884 péire amhail 2019). Cothaíonn ceann de na coilíneachtaí seo, Cloch Dábhiolla amach ó chósta Chontae Bhaile Átha Cliath, tuairim agus 80% den daonra pórúcháin Geabhróg Rósach in iarthuaisceart na hEorpa. Tá an choilíneacht seo á bainistiú ag Cairde Éanlaith Éireann.
Ar oileáin Dheilginse, tá neadacha déanta ag na Geabhróga Rósacha ar Charraig na Maighdean le fíorghairid, agus rinneadh taifead ar oiread agus 11 phéire in 2004. Ó 2017 i leith, níl pórúchán déanta ag aon Gheabhróga Rósacha ar an láthair seo. Tá bearta caomhantais ag leanúint ar aghaidh chun gnáthóg shábháilte a chruthú don éanlaith álainn mhara seo agus é mar aidhm acu daonra pórúcháin Geabhróg Rósach a thabhairt isteach go hoileáin Dheilginse arís.
Déanann na Geabhróga Rósacha imirce chun iarthar na hAfraice ag deireadh gach séasúir pórúcháin, agus filleann ar Éirinn agus ar an mBreatain Mhór i mí Aibreáin.
Photo credit: Lorna Gill
Beireann geabhróga a n-uibheacha ar charraigeacha loma, nó i loga beaga i móin ghairid, agus dá thoradh sin tá siad go mór i mbaol daoine, na haimsire, tuilte agus creachadóirí. Is iondúil go mbíonn geabhróga sábháilte ó chreachadóirí mamacha, amhail sionnaigh agus easóga, má dhéanann siad neadacha ar oileáin. Dá réir, tá cosaintí forbartha acu in aghaidh aerchreachadóirí (iompar droinge ón aer) ach níl cosaintí in aghaidh creachadóirí talún acu. Ar an drochuair, tá Francaigh Dhonna ar oileáin Dheilginse. Bhí iarmhairtí tromchúiseacha ag an speiceas seo le fíorghairid ar choilíneacht na ngeabhróg.
Photo credit: Tara Adcock. Flavoured wax block with signs of rat teeth marks.
Tá Tionscadal Geabhróg Dheilginse, le maoiniú ón Tionscadal Téarnamh Geabhróg Rósach LIFE agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire–Ráth an Dúin, tar éis tabhairt faoi rialú francach ar na oileáin. Déantar an rialú francach le linn mhíonna an gheimhridh. Tá an obair seo ina buntáiste do gheabhróga pórúcháin ar an oileán, mar aon le speicis eile éin a bhíonn ag neadú ar an talamh agus faoin talamh.
Chun monatóireacht a dhéanamh ar na francaigh, leagtar síos bloic bheaga neamhthocsaineacha céarach, agus blas cnó cócó nó seacláide orthu, ar fud na n-oileán mar chuid den mhonatóireacht bithshlándála. Tá na bloic chéarach seo an-mhealltach do na francaigh, agus má tá francaigh ann, feicimid marcanna a gcuid fiacla ar na bloic seo. Mar gheall ar na sonraí láithreachta/neamhláithreachta seo, féadann an fhoireann monatóireacht a dhéanamh ar cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an tionscadal rialaithe francach.
Bíonn turais bháid chuig Oileán Dheilginse ar fáil ó Bhealtaine go Meán Fómhair. I rith na míonna seo, tacaíonn na deartháireacha Cunningham lenár n-iarrachtaí caomhantais trí iompar saor in aisce chuig na hoileáin a chur ar fáil don mhaor agus d’oibrithe deonacha. Tá Oileán na nUan agus Carraig na Maighdean dúnta don phobal i rith na míonna seo chun cosaint a thabhairt do gheabhróga ag neadú.
Is ag an am céanna le séasúr goir na ngeabhróg agus na bhfaoileán a osclaítear Oileán Dheilginse don phobal. Ós rud é gurbh in 2019 a mhair na chéad sicíní geabhróige riamh chun scalltáin ar Oileán Dheilginse, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go mbeadh cuairteoirí ar an eolas faoi na héin seo agus go ndéanfaidís gach iarracht gan cur isteach orthu. Dhá bhealach is ea: madraí a fhágáil sa bhaile agus fanacht glan ar éin atá ag neadú.
Ní cheadaítear madraí ar an oileán d’fhonn cosaint a thabhairt d’éin atá ag neadú ar an talamh agus don daonra beag fiaghabhar ar an oileán. Gach séasúr, tógtar claíocha agus crochtar comharthaí gar do láithreacha neadacha na ngeabhróg agus na bhfaoileán. Reáchtálann Cairde Éanlaith Éireann siúlóidí treoraithe agus is bealach iontach iad chun foghlaim faoin mbithéagsúlacht, faoin éiceolaíocht agus faoi stair an láithreáin. Má tá sé beartaithe agat cuairt a thabhairt ar Oileán Dheilginse, tabhair aird ar ár gCód Iompair thíos...
Image courtesy of Anne Murray
Ken the boatman
Tá réimse leathan mamaigh mhara le fáil san uisce thart ar na hoileáin, lena n-áirítear Rónta Beaga, Rónta Glasa, Muca Mara, Deilfeanna Coiteanna agus Deilfeanna Bolgshrónacha. Is minic a fheictear na Rónta Glasa á dtriomú féin faoin ngrian. Sa bhealach uisce, is minic a fhaightear sceiteadh súl ar eite droma na Deilfe Coitinne, an céiticeach is lú in Éirinn. Tá an oiread sin speiceas anseo go ndearnadh ‘Limistéar Caomhantais Speisialta’ faoi Threoir an AE um Ghnáthóga den cheantar thart ar na hoileáin agus chomh fada ó thuaidh le Cloch Dábhiolla, 35 ciliméadar chun bealaigh.
Harbour porpoise. Photo credit: Brian Burke
Déanann Forachain Dhubha neadacha i mballaí Chuan na Coille Móire agus feictear go rialta iad le linn an tséasúir pórúcháin ag eitilt go mear ó na láithreacha neide agus ar ais arís nó ag glacadh sosa ar bhallaí an chuain agus ar an bhfarraige. Le linn an tséasúir pórúcháin, bíonn cuma shuaithinseach ar na héin seo: ciardhubh, paistí móra bána ar a sciatháin, agus cosa áille dúdhearga mar chodarsnacht.
Déanann líon beag Seil-lachan neadacha ar Oileán Dheilginse chomh maith. Is speiceas é seo a dhéanann neadacha faoin talamh agus a bhaineann leas as an bhflúirse poll coiníní atá ar fáil ar an oileán. In 2019, chonacthas seil-lachain agus a hóga ag snámh trasna an bhealaigh uisce. Ba é seo an chéad uair dheimhnithe a chonacthas óga a tugadh chun aibíochta ar Oileán Dheilginse le mórán bliain. Bhain na Riabhóga Cladaigh leas as an díothú francach a rinneadh ar Oileán Dheilginse in 2019, agus deimhníodh go raibh sicíní ann go déanach sa séasúr pórúcháin.
Déanann na roilligh neadacha ar Charraig na Maighdean, Oileán na nUan agus Oileán Dheilginse. Chuir Cairde Éanlaith Éireann fáinne ar Roilleach amháin agus bíonn sé ag neadú ar Charraig na Maighdean leis na blianta anois.
Photo credit: Laura Glenister
Photo credit: Karen Varnham
Tá 5 oileán agus oileáinín in oileáin Dheilginse. Is é Oileán Dheilginse an ceann is mó díobh (11.2 heictéar). Go díreach ó thuaidh uaidh sin tá Oileán na nUan, an t-oileáinín Carraig Chlára, agus Carraig na Maighdean. Tá na Muiglíní suite lastoir d’Oileán Dheilginse. Limistéar faoi Chosaint Speisialta do gheabhróga is ea na hoileáin seo. Sonrú de chuid an Aontais Eorpaigh é sin le haghaidh láithreán a thacaíonn le daonraí tábhachtacha éan.
Bíonn trí speiceas geabhróg ag síolrú ar oileáin Dheilginse. Roimh 2016, ba iad na Geabhróga Coiteanna an speiceas ab fhlúirsí. Bhí siad le fáil ar Charraig na Maighdean, chomh maith le péire nó dhó de Gheabhróga Rósacha. Tá na Geabhróga Artacha anois ar an speiceas geabhróg is flúirsí ar na hoileáin, agus tá siad le fáil ar Charraig na Maighdean, Oileán na nUan agus Oileán Dheilginse. In 2019, tugadh chun aibíochta na chéad sicíní geabhróige (Artach) riamh ó Oileán Dheilginse. Tá Cairde Éanlaith Éireann ag obair chun geabhróga a spreagadh chun nead a dhéanamh ar Oileán Dheilginse agus ar Oileán na nUan seachas ar Charraig na Maighdean, mar gheall go bhfuil an t-oileán seo ina luí go híseal agus contúirt níos mó ann i gcónaí do bhorrthaí farraige.
Is éard is Carraig Chlára ann ná sraith lomán a nochtar le lag trá, agus baineann mórán éan úsáid as le linn an ama seo mar láthair fara. Déanann Faoileáin Scadán neadacha ar na Muiglíní, chomh maith le Broighill agus Seagaí. Is iad na Muiglíní an áit a bhfuil beirt foghlaithe mara curtha, ar crochadh ar an oileán in 1765 iad tar éis na paisinéirí ar bord an tsoithigh an ‘Earl of Sandwich’ a dhúnmharú.
Is iad Carraig na Maighdean agus Oileán na nUan an áit mhór thraidisiúnta don choilíneacht geabhróg ar oileáin Dheilginse. Mar thoradh air seo, níl cead isteach chuig na tearmainn seo d’fhonn cosaint a thabhairt do na geabhróga i mbun pórúcháin. Chun daoine a cheangal leis na héin iontacha seo, tá imeachtaí faire ar gheabhróga ó Chuan na Coille Móire á n-eagrú le blianta beaga anuas. Cuirtear teileascóip ar fáil ag na himeachtaí, rud a ligeann do chuairteoirí féachaint ar a ngeáitsí i rith an tsamhraidh agus féachaint ar neart eile fiadhúlra amhail Forachain Dhubha, Rónta Glasa, agus fiú Muca Mara anois agus arís.
Dalkey tern watches. Photo credit: Tara Adcock.